Main menu
Nuacht na Gaelscoile
15 Samhain 2011
caroline@gaelscoil.com
priomhoide@gaelscoil.com
www.gaelscoil.com

A Thuismitheoirí,
Beatha agus Sláinte chugaibh!
Cúpla meabhrú daoibh.
Bailiúcháin ag geata an tSéipéil Dé Domhnaigh seo chugainn. Tá cabhair deonach ag teastáil uainn go géar ag aifrinn 8:30 agus 10:30. Cuir scéal chuig Caroline más féidir leat bheith ann.
Boscaí Bróga na Nollag. Míle buíochas daoibh uile a sheol isteach bosca. Beidh siad bailithe Dé hAoine seo chugainn agus táimid ag súil go mbeidh níos mó ná an méid a bhailíomar an bhliain seo caite.
Grianghrafadóir istigh sa scoil amárach. Bí cinnte go bhfuil foirm ceada curtha isteach agat má tá do pháiste ag glacadh ceann. Freisin is féidir éide scoile a chaitheamh don lá amárach seachas culaith traenála.
Meabhrú daoibh gurb é an Aoine an t-
Cruinnithe le Tuismitheoirí an tseachtain seo chugainn: 22 Samhain (Dé Máirt) agus 23 Samhain (Dé Céadaoin). Is iad ranganna 2-
Díolachán Leabhair: Míle buíochas do Mhúinteoir Elayne a d'eagraigh an rud fiúntach seo le déanaí. Táimid buíoch díbh as tacaíocht a thabhairt agus thart ar mhíle euro a bhailiú. Coiméadfaimid aon leabhair a bhí fágtha don chéad díolachán eile.
Lá gan éide scoile: Gabhaimid buíochas leis na páistí as thart ar €150.00 a bhailiú ar an lá sin. Tá grianghrafanna iontacha le feiscint ar an suíomh idirlín. Logáil isteach!!
Comaoineach agus Comhneartú: Seo chugaibh na dátaí: Comaoineach ar an 19 Bealtaine 2012 agus Comhneartú ar an 30 Márta 2012. Cuir na dátaí ins an dialann.
Coiste na dTuismitheoirí: Míle buíochas don Choiste a bhronn cluichí boird agus fearas ealaíne ar gach rang le déanaí.
Suíomh Idirlín na Gaelscoile: Logáil isteach ar www.gaelscoil.com go rialta chun gach rud a fheiscint. Polasaí faoi Chosaint Leanaí nuashonraithe ann chomh maith le eolas breise do thuismitheoirí agus páistí. Ár mbuíochas le Múinteoir Valerie a dhéanann obair den scoth air. Bainigí taitneamh as!
Earraí Caillte: Déanaigí seiceáil in aice leis an stáitse má chailltear éadaí áirithe. Le bhúr dtoil, cuirigí ainmneacha na bpáistí ar gheansaithe, cótaí srl. agus déanaigí seiceáil go rialta go bhfuil na héadaí cearta ag bhúr bpáistí féin.
Lá Saoire: Beidh an scoil dúnta ar an 8 Nollaig.
Amhálacha Scoile: Má tá airgead fós le híoc agat (admhálacha scoile, snámh, feadóg stáin) bheimis buíoch dá seolfaí isteach é chomh luath agus is féidir.
Bord Bainistíochta Nua: Caithfidh na páipéir vótála bheith ar ais an Déardaoin seo (athair amháin). Beidh comhaireamh ar siúl oíche Déardaoin tar éis cruinniú den Bhord.
Páirceáil: Meabhrú daoibh arís go bhfuil cosc ar pháirceáil in aice leis na boscaí brúscair. Caithfidh carranna agus busanna an sliosbhóthar ós cómhair na scoile a úsáid an t-
Le mór-
Múinteoir Caitlín