Gaelscoil Ó Doghair

Go to content

Main menu

Eolas 30/11/11

Tuismitheoirí

Nuacht na Gaelscoile
30 Samhain 2011

caroline@gaelscoil.com
priomhoide@gaelscoil.com
www.gaelscoil.com


A Thuismitheoirí, a Chairde,
Conas tá sibh go léir?
Seo chugaibh nuacht agus scéalta na Gaelscoile!

Ríomhphost na Scoile
Is féidir le tuismitheoirí teacht i dteagmháil liom ag priomhoide@gaelscoil.com agus le
Caroline ag caroline@gaelscoil.com

Leabhair Fizz
Nuacht iontach! Táimid tar éis 20 leabhar Fizz a cheannach le déanaí. Is ríomhairí glúine iad atá an oiriúnach do pháistí ar scoil. Beidh deiseanna iontacha ag na daltaí iad a úsáid I sliteanna idirghníomhacha. Logáil isteach ar shuíomh na Gaelscoile chun grianghrafanna de na páistí agus na leabhair Fizz a fheiscint.

Cruinnithe na Múinteoirí/Tuismitheoirí
Míle buíochas daoibh uile a d’fhreastail ar na cruinnithe le déanaí. Rinne na múinteoirí iarrachtaí cruinnithe a shocrú I rith na seachtaine go léir agus táimid an bhuíoch de sin.Tá an cumarsáid idir scoil agus baile an – thábhachtach ar fad. Beidh cruinnithe do na ranganna Naíonán agus Rang 1 san athbhliain.

Ceolchoirm Na Nollag
Soilsí agus ceamaraí!!
Is é an t-am sin den bhliain arís. Tá múinteoirí agus daltaí ón Naíonra go dti Rang 3 ag ullmhú don dá oíche speisialta seo.
Seo a leanas na dátaí:
Nollaig 14      Naíonra agus Naíonáin Shóisir/Shinsir
Nollaig 15      Rang 1, 2, 3, 3,
Tosóidh na ceolchoirmeacha ag 7:30 agus iarraimid oraibh na páistí a bheith ar scoil ag 7:00.
Níos mó sonraí le teacht. Gabhaimid buíochas le Liam Ó Coileáin as rothar a chur ar fail don raifil i mbliana.

Bailiúchán an tSéipéil
Míle buíochas leis na  tuismitheoirí agus foireann na Gaelscoile a chabhraigh linn an bailiúchán seo a eagrú. Cuirfear scéal amach maidir leis an méid a bailíodh ar ball.

Coiste na dTuismitheoirí
Beidh an Coiste ag eagrú Díolachán Cácaí le Rang a 5 i bhfeighil ar an 9 Nollaig. Mar go mbeidh na daltaí saor ar an lá roimhe, táimid ag súil le roinnt mhaith cístí agus soláistí deasa ar an Aoine sin.
Beidh fáilte roimh thuismitheoirí má tá siad saor ar an lá.

Coiste Glas
Tá súil agam go bhfuair sibh seans na nuachtlitreacha ón gCoiste glas a léamh. Obair iontach ar siúl acu. Faoi láthair táimid ag cur coillearnaí beag ar chúl na scoile..in aice leis an seomra réamhdhéanta. Comhghairdeas leis na daltaí go léir a sheol  isteach na grianghrafanna don chomórtas geimhridh. Tá said le feiscint sa halla. Tá beathadáin éin ag teastáil uainn anois chun éiníní a tharraingt chuig ár scoil. Fuair na daltaí treoracha ar chonas iad a thógáil. Bainigí taitneamh as.                                       
Coiste na nDaltaí
Tá an Coiste an ghnóthach faoi láthair! Tá na daltaí ón gCoiste ag eagrú comórtais dathú agus scríbhneoireachta go luath. Beidh duaiseanna deasa le fáil
Bail ó Dhia ar an obair!

Back to content | Back to main menu