Main menu
Nuacht na Gaelscoile
4 Deireadh Fómhair 2011-
priomhoide@gaelscoil.com
www.gaelscoil.com

A Thuismitheoirí, a Chairde,
An Coiste Glas
Tá Coiste Glas nua roghnaithe arís don scoilbhliain seo. Daltaí ó Rang 1 go Rang 6 atá i gceist. Beidh lá SAS (Siúl ar Scoil) ar siúl Dé hAoine seo 7 Deireadh Fómhair ag 8:30r.n. Beidh fáilte roimh pháistí agus tuismitheoirí chun siúl linn ar scoil. Beidh Gardaí áitiúla agus múinteoirí ag déanamh feitheoireachta. Cótaí, hataí agus veisteanna geala thar na h-
Bratach Scoile Gníomhaí
I mbliana táimid chun iarracht a dhéanamh Bratach Scoile Gníomhaí a aimsiú ar son na scoile. Tá níos mó sonraí ar fáil ar www.activeschoolflag.ie. Cuirfimid eolas chugaibh maidir leis na gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl againn. Míle buíochas leis na tuismitheoirí a d’fhreagair don litir deireannach le smaointí iontacha.
Airgead agus Cead
Míle buíochas libh go léir a sheol isteach airgead. Má tá airgead fós le tabhairt isteach agaibh, bheimis buíoch díbh é a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Freisin ná déan dearmad foirmeacha cead nó eolais a sheoladh isteach chuig an oifig.
Snámh
Beidh Rang a 3 (Múinteoir Kelley) ag tosnú ceachtanna snámha an tseachtain seo chugainn. Tosóidh Rang a 3 (Máistir Dara) an mhí seo chugainn. Litreacha eolais ar an slí.
Meabhrú Tábhachtach
Caithfidh an carrchlós ar thaobh na scoile bheith fágtha glan an t-
Síniú Amach/Isteach
Caithfear páistí a shíniú amach aon uair go bhfuil siad ag fágáil na scoile agus síniú isteach ar an bhfilleadh. Tá an leabhar san fháiltiú. Mile buíochas.
Coiste na dTuismitheoirí
Beidh an AGM ar siúl anocht sa Ghaelscoil ag 7.30i.n. Fáilte roimh chách.
Bord Bainistíochta
Beidh Bord Nua i bhfeidhm ar an gcéad lá den Nollaig 2011. Cuirfimid amach eolas maidir le ceapacháin srl. go luath.
Gaeilge
Tá an áthas orainn a chur in iúl daoibh go bhfuil feabhas mór ag teacht ar leibhéal na Gaeilge labhartha timpeall na scoile. Is féidir leat Gaeilgeoirí agus Daltaí na Seachtaine a fheiscint ar www.gaelscoil.com. Faoi láthair táimid ag múineadh cluichí clóis do na daltaí i dtreo is go mbeidh foclóir agus cumarsáid as Gaeilge sa chlós. Beidh Corn na Gaeilge á bhronnadh ar an rang is fearr gach seachtain. Caithfidh na daltaí obair le chéile mar fhoireann chun an duais speisialta seo a fháil.
Táimid ag súil le ranganna Gaeilge a ofráil do thuismitheoirí go luath.
Cruinniú
Beidh cruinniú an thábhachtach mar gheall ar an nGaelcholáiste ar siúl i gColáiste Dheasmhumhan ar an 18 D. Fomhair. Beidh fáilte roimh thuismitheoirí ó Ranganna 3-
Lá na gCrann
Beidh na páistí ag glacadh páirt i roinnt mhaith ghníomhaíochtaí a bhaineann le Seachtain na gCrann an tseachtain seo.
Le meas,
Múinteoir Caitlín